#EUandMyFood

Is breá linn ar fad bia.

Cuireann sé le sláinte ár dteaghlach, lenár gcultúr agus lenár dtraidisiúin agus leis na cuimhní cinn is fearr dá bhfuil againn.

I mbeagán focal, is cuid dár bhféiniúlacht é bia.

Baineann “AE agus Mo Chuid Bia” le bia atá sábháilte agus a bhfuil cothú ann. Baineann sé le sláinte ár n-ainmhithe agus leis an gcaoi a gcaithimid leo. Baineann sé le haire a thabhairt dár gcomhshaol – an ithir, an t-uisce agus an t-aer – a chothaíonn na barraí as a dtagann an oiread sin den mhéid a ithimid.

Pléigh agus roinn le do chairde!

Mo chuid bia, mo shaol. Féach ar an bhfíseán seo.

De thoradh chóras an AE, tá bia ar fáil dúinn ar féidir muinín a chur ann...

Táimid go léir ag iarraidh bia atá sábháilte, comhábhair is féidir linn a rianú agus na buntáistí a mhaítear i dtaobh bia a chruthú. Cinntíonn an AE go soláthraíonn feirmeoirí, monaróirí agus ollmhargaí leibhéal ard sábháilteachta dá dtáirgí agus go dtugann siad faisnéis sho-aimsithe shothuigthe do thomhaltóirí faoi na comhábhair go léir agus faoina mbunús.

Na caighdeáin sábháilteachta bia is airde ar domhan
Na caighdeáin sábháilteachta bia is airde ar domhan

Déanann an AE measúnú eolaíochta ar shábháilteacht bia, ar luach cothaithe agus ar ailléirgeacht an bhia.

An Bheilg: Feithidí i mbia
An Bheilg: Feithidí i mbia

Tá an AE tar éis measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht feithidí i mbia, foinse shaibhir phróitéine i réimeanna bia ar fud an domhain. Agus cuireann roinnt tíortha AE amhail an Bheilg 'beartas fulaingthe' i bhfeidhm chun tomhaltóirí a chosaint ar údair imní maidir le sábháilteacht nó frithghníomhuithe ailléirgeacha. (EN | FR | NL)

Iontógáil na gcothaitheach a ríomh i gcomhair gach aoise
Iontógáil na gcothaitheach a ríomh i gcomhair gach aoise

“Cuireann ár n-uirlis idirghníomhach ar chumas saileolaithe cothúcháin agus gairmithe sláinte eile ríomhanna tapa agus éasca a dhéanamh ag baint úsáid as luachanna tagartha cothúcháin EFSA.” – an tOllamh Androniki Naska, Ollscoil na hAithne agus saineolaí de chuid EFSA

An Fhionlainn: Réimeanna sláintiúla bia á gcur chun cinn go náisiúnta
An Fhionlainn: Réimeanna sláintiúla bia á gcur chun cinn go náisiúnta

Cuireann údaráis i mBallstáit an AE treoirlínte náisiúnta ar fáil le haghaidh réimeanna sláintiúla bia, iad curtha in oiriúint do nósanna áitiúla agus iad bunaithe ar fhianaise eolaíochta EFSA. Is sampla maith iad treoracha ginearálta na Fionlainne maidir le húsáid shábháilte bia agus éisc. (EN | FI | SE)

Roghanna bia don teaghlach – bunaithe ar dhea-eolas
Roghanna bia don teaghlach – bunaithe ar dhea-eolas

“Chun tomhaltóirí a chosaint ar ráitis mhíthreoracha ar lipéid bia, déanaimid iad a sheiceáil go heolaíoch sula gceadaíonn an AE iad.” – an tOllamh Dominique Turck, Ollscoil Lille agus saineolaí de chuid EFSA

An Chróit: lipéid bhia a thuiscint i gceart
An Chróit: lipéid bhia a thuiscint i gceart

Má tá a fhios agat go díreach cad is brí le lipéid bhia nuair a léann tú iad, is féidir teacht roimh nimhiú bia agus roimh chur amú bia gan ghá: Baineann “úsáid faoi” le sábháilteacht bia; baineann “b’fhearr roimh” le cáilíocht an bhia. (HR | EN)

Sláinteachas bia agus caoithiúlacht
Sláinteachas bia agus caoithiúlacht

Stóráil agus láimhseáil cheart – le linn an táirgthe, an tseachadta, an mhiondíola agus sa bhaile – coinnigh do chuid bia sábháilte agus so-úsáidte agus san am céanna bí dian ar chur amú bia.

An Ostair: Ar lorg na bhfrídíní
An Ostair: Ar lorg na bhfrídíní

A lán comhairle do thomhaltóirí maidir le nimhiú bia a sheachaint: siopadóireacht agus stóráil, dí-reo agus ullmhúchán, cleachtais ghlantacháin, agus galair bhia-iompartha thábhachtacha ar cheart a bheith san airdeall orthu. (DE | EN)

...is cás leis ár n-ainmhithe...

Tá ár sláinte féin ceangailte le sláinte na n-ainmhithe. Tá na mílte speicis ainmhithe ina gcónaí linn ar an bpláinéad seo. Is iad ainmhithe an foinse de thart ar 30% de bhia na hEorpa agus úsáidtear dhá thrian dár mbarraí chun iad a bheathú. Ní mór dúinn sláinte na n-ainmhithe a chosaint, iad a bheathú i gceart agus aire a thabhairt dóibh, chun ár sláinte féin a chosaint freisin.

Aon Sláinte Amháin
Aon Sláinte Amháin

“Tá sláinte an duine, sláinte na n-ainmhithe agus an comhshaol fite fuaite ina chéile. Ciallaíonn sé seo gur féidir le daoine galair a tholgadh ó ainmhithe agus vice versa. Cuid den troid chun é seo a sheachaint ná a chinntiú go bhfanann ár n-ainmhithe sláintiúil, go mbeathaítear i gceart iad agus go dtugtar aire dóibh.” – Príomh-Eolaí EFSA, Marta Hugas

Ainmhithe saor ó ghalair
Ainmhithe saor ó ghalair

Is féidir tinnis a iompraítear i mbia agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a scaipeadh trí ainmhithe. Caithfimid ár n-ainmhithe a choinneáil saor ó ghalair agus úsáid cheart na gcógas tréidliachta a chur chun cinn.

An Ghearmáin: Is tosaíocht i gcónaí é frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a throid
An Ghearmáin: Is tosaíocht i gcónaí é frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a throid

Fágann úsáid fhorleathan antaibheathach go bhfuil baictéir á gcosaint féin agus ag éirí níos frithsheasmhaí. Tá na húdaráis ag faire go géar ar an treocht seo agus tá siad ag gníomhú. (DE | EN)

Cosaint ainmhithe
Cosaint ainmhithe

Tacaíonn an AE le feirmeoirí a gcuid beostoic a chosaint. Tugann sé seo cosaint do shlí bheatha na bpobal tuaithe agus déanann ár gcuid bia níos sábháilte.

An Rómáin: Iarrachtaí le fiabhras na muc Afracach a dhíothú
An Rómáin: Iarrachtaí le fiabhras na muc Afracach a dhíothú

Cuidíonn an obair leis an AE agus le tíortha comharsanacha le fiabhras na muc Afracach a bhrath go luath. Táthar ag teannadh níos gaire do dhíothú an ghalair de bharr go bhfaightear réidh go gasta le conablaigh agus le sealgaireacht i limistéir ainmnithe. (EN | FR | RO)

Roghanna eile seachas tástáil ainmhithe
Roghanna eile seachas tástáil ainmhithe

Tá an Eoraip ag obair chun tástáil ainmhithe i dtaighde ar shábháilteacht bia a laghdú i gcomhréir le luachanna na sochaí agus toisc go n-oibríonn roghanna nua níos fearr uaireanta.

Clárlann staidéir ainmhithe curtha ar bun ag an nGearmáin
Clárlann staidéir ainmhithe curtha ar bun ag an nGearmáin

“Feabhsaíonn ár gclárlann trédhearcacht agus cáilíocht an taighde, agus cabhraíonn sé le turgnaimh neamhriachtanacha ar ainmhithe a sheachaint.” – an tOllamh Dr. Dr. Andreas Hensel, Uachtarán BfR (DE | EN)

... agus cosnaíonn sé ár gcomhshaol

Is ón dúlra a thagann ár gcuid bia. Tá athrú aeráide agus domhandú ag athrú ár n-éiceachórais bia. Tá cosaint na tuaithe, na n-aibhneacha agus na bhfarraigí bunriachtanach chun ár mbia a choinneáil sábháilte, ár sláinte a chosaint agus taitneamh a bhaint as ár slí bheatha.

Comhshaol inbhuanaithe le haghaidh bia sábháilte
Comhshaol inbhuanaithe le haghaidh bia sábháilte

Tagann ár mbia ón tuath, ó na haibhneacha agus ón bhfarraige agus mar sin tá sé ríthábhachtach go gcoinneofaí an ithir, an t-aer agus an t-uisce glan agus oiriúnach don bheatha.

An Ostair: Cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta
An Ostair: Cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta

Déanann ithreacha agus leasacháin, síolta, saothrú barr, cosaint plandaí, pailneoirí, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce a gcion féin le soláthar rialta bia a chinntiú mar aon leis an gcomhshaol a chaomhnú. (DE | EN)

Ár n-ainmhithe fiáine a chosaint
Ár n-ainmhithe fiáine a chosaint

Ní mór na héin, na beacha agus na speicis fiadhúlra go léir a chosaint agus a chothú chun an fána agus flóra ilchineálach atá againn a chothú.

An Bheilg: Tionscadal na mBeach Sláintiúil
An Bheilg: Tionscadal na mBeach Sláintiúil

Tá na beacha fíorthábhachtach don bhiashlabhra mar gurb iad pailneoirí ár mbarr iad agus toisc gurb iad a tháirgeann ár gcuid meala. Tá iarrachtaí an AE stop a chur le meath na gcoilíneachtaí beach ag brath ar thionscadail taighde náisiúnta amhail an ceann seo sa Bheilg. (FR | NL)

Sláinte na bplandaí
Sláinte na bplandaí

Is ó phlandaí a thagann thart ar 70% dár bhfuinneamh bia agus mar sin ní mór dúinn cabhrú lenár bhfeirmeoirí, ár saothróirí plandaí agus ar ndíoltóirí lena gcuid barr, plandaí agus síolta a chosaint ar lotnaidí agus ar ghalair.

Crainn olóige na hEorpa a shábháil
Crainn olóige na hEorpa a shábháil

Is baictéar é Xylella fastidiosa atá ag tabhairt ionsaí ar phlandaí, crainn olóige go háirithe, san Eoraip ó 2013 i leith. Tá rialuithe i bhfeidhm sna tíortha lena mbaineann chun cosc a chur ar leathadh an bhaictéir seo agus tá taighdeoirí ag iarraidh teacht ar réiteach go práinneach.

Domhan plaisteach
Domhan plaisteach

Is píosaí beaga plaisteacha iad micreaphlaistigh atá níos lú ná cúig mhilliméadar ar fad; tig leo an-dochar a dhéanamh do na haigéin agus don bheathra uisceach. Is féidir linn go léir ár gcion féin a dhéanamh le plaistigh a choinneáil amach as an bhfarraige.

An Ghearmáin: Imní faoi mhicreaphlaistigh ag dul i méad
An Ghearmáin: Imní faoi mhicreaphlaistigh ag dul i méad

Tá feasacht agus imní faoi mhicreaphlaistigh i mbia ag dul i méad sa Ghearmáin, ach tá go leor ceisteanna nár freagraíodh fós i measc eolaithe agus an phobail i gcoitinne. Tá an lucht eolaíochta ag gníomhú ina leith seo trí thionscnaimh den chineál seo. (DE | EN)